Gníomhú le linn géarchéime
  • Tacaíocht do mharthanóirí an chreatha talún

    Fuair níos mó ná 4,800 duine ón Tuirc agus ón tSiria tithíocht shealadach saor in aisce.

Is é misean Airbnb.org an chumhacht a bhaineann le spás, acmhainní agus tacaíocht a roinnt in am an ghátair a chur chun cinn.

Tá breis agus 1.4 milliún oíche fanachta éigeandála saor in aisce curtha ar fáil againn do bhreis agus 220,000 duine ó bunaíodh sinn in 2020.

Cuir aithne ar ár bpobal

Tá Óstaigh agus aíonna Airbnb.org ag croílár ár misin.

A bhuí lenár bpobal domhanda Óstach, deontóirí agus eagraíochtaí comhpháirtíochta, bhí Airbnb.org ábalta níos mó ná 140,000 duine a chur le tithíocht shealadach.

An dóigh ar tháinig Carmen agus a pobal le chéile i ndiaidh Hairicín Maria.

Tugaimid bealach do phobail teacht le chéile nuair a tharlaíonn tubaistí. Trí chláir Airbnb.org, is féidir le daoine a dtithe a thairiscint saor in aisce do chomharsana ar gá dóibh fágáil.

Chabhraigh Airbnb.org le breis agus 135,000 duine a bhí ag teitheadh ón gcogadh le háit le fanacht a fháil.

Is féidr go nglacafadh sé na blianta ar phobal teacht chuige féin go hiomlán i ndiaidh tubaiste mhór. Cuidíonn Airbnb.org le tréimhsí fanachta a mhaoiniú d’oibrithe fóirithinte a bhfuil obair ríthábhachtach á déanamh acu chun pobail a atógáil.

Saol a chruthú atá bunaithe ar mhuintearas

Samhlaíonn Airbnb.org domhan inar féidir le gach duine áit fháilteach le fanacht a fháil in am an ghátair. Chun an fhís seo a bhaint amach do chách, chruthaigh Airbnb.org sraith gealltanas maidir le héagsúlacht, cothromas, ionchuimsiú agus inrochtaineacht.

Cuidímid le heagraíochtaí neamhbhrabúis eile tionchar buan a bheith acu.

Seo agat cúpla comhpháirtí a chabhraigh le Airbnb.org a mhúnlú.
Freagraíonn an IRC do na géarchéimeanna daonnúla is measa ar domhan, agus cabhraíonn sé le daoine, a ndéanann coimhlint agus tubaistí a saol agus a slite beatha a scriosadh, chun maireachtáil, téarnamh agus smacht a fháil ar a dtodhchaí.
Is eagraíocht um thubaistí a chosc agus chun téarnamh é Build Change a dhearann réitigh láidre tithíochta le pobail áitiúla.
Is eagraíocht dhomhanda neamhbhrabúis Ghiúdach é HIAS a chuireann cosaint agus cúnamh ar fáil do dhídeanaithe, d'iarrthóirí tearmainn, agus do dhaoine eile ar díláithríodh iad le fórsa ar fud an domhain.
Cruthaíonn Mol Urraíochta Pobail deiseanna do phobail ar fud na Stát Aontaithe fáilte a chur roimh dhídeanaithe agus roimh dhaoine easáitithe eile.