Tacaíocht do mharthanóirí an chreatha talún
Fuair níos mó ná 4,800 duine ón Tuirc agus ón tSiria tithíocht shealadach saor in aisce.
Is é misean Airbnb.org an chumhacht a bhaineann le spás, acmhainní agus tacaíocht a roinnt in am an ghátair a chur chun cinn.
Cuir aithne ar ár bpobal
A bhuí lenár bpobal domhanda Óstach, deontóirí agus eagraíochtaí comhpháirtíochta, bhí Airbnb.org ábalta níos mó ná 140,000 duine a chur le tithíocht shealadach.
An dóigh ar tháinig Carmen agus a pobal le chéile i ndiaidh Hairicín Maria.
Tugaimid bealach do phobail teacht le chéile nuair a tharlaíonn tubaistí. Trí chláir Airbnb.org, is féidir le daoine a dtithe a thairiscint saor in aisce do chomharsana ar gá dóibh fágáil.
Chabhraigh Airbnb.org le breis agus 135,000 duine a bhí ag teitheadh ón gcogadh le háit le fanacht a fháil.
Is féidr go nglacafadh sé na blianta ar phobal teacht chuige féin go hiomlán i ndiaidh tubaiste mhór. Cuidíonn Airbnb.org le tréimhsí fanachta a mhaoiniú d’oibrithe fóirithinte a bhfuil obair ríthábhachtach á déanamh acu chun pobail a atógáil.
Saol a chruthú atá bunaithe ar mhuintearas
Samhlaíonn Airbnb.org domhan inar féidir le gach duine áit fháilteach le fanacht a fháil in am an ghátair. Chun an fhís seo a bhaint amach do chách, chruthaigh Airbnb.org sraith gealltanas maidir le héagsúlacht, cothromas, ionchuimsiú agus inrochtaineacht.